Titley
Maidir leis an leabhar
Tá sé ráite ag an scoláire Philip O’Leary gur ‘serious injustice – to Titley, to literature in Irish, and to potential readers’ é a laghad ábhar critice atá scríofa air. Iarracht ar chuid den bhearna sin a líonadh atá sa leabhar seo, ina bhféachann Coilféir le teacht ar bhunfhoinsí ceapadóireachta Titley. Is é a shaothar scríofa agus stáitse, seachas a shaothar don raidió nó don teilifís, atá faoi chaibidil aige agus cuirtear san áireamh mórán gach a bhfuil foilsithe aige óna chéad alt i 1965 go dtí an t-alt is deireanaí uaidh in 2016. Mar is dual d’údar a bhfuil níos mó ná caoga bliain caite aige i mbun pinn, tá líon mór scríbhinní curtha de aige agus éagsúlacht mhór stíle agus scéalaíochta iontu dá réir.

Údar
Máirtín Coilféir
Bhain Máirtín Coilféir BA agus PhD, bunaithe ar shaothar Alan Titley, amach i gColáiste na Tríonóide agus Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ó OÉ Má Nuad. Tá spéis faoi leith aige sa nualitríocht, sa chritic liteartha agus i léann an aistriúcháin. D’oibrigh sé i gColáiste na Tríonóide, in OÉG, mar eagarthóir liteartha na hirise Comhar, agus ina eagarthóir ar an iris piarmheasta acadúil COMHARTaighde. Tá sé ina Léachtóir Cúnta sa Léann Cheilteach in Ollscoil Choláiste Naomh Mícheál in Ollscoil Toronto.