Téarmaí & Coinníollacha Irish Book Awards – Gradam Love Leabhar Gaeilge
Téarmaí & Coinníollacha:
Tá an gradam don leabhar Gaeilge oscailte do gach leabhar Gaeilge, do dhaoine fásta, a foilsíodh idir 1ú Samhain 2019 agus 31ú Deireadh Fómhair 2020.
Ní cheadófar iarratas ó aon údar atá mar bhall den phainéal moltóireachta neamhspleách, atá bainteach le riarachán na Irish Book Awards nó atá gaolta le aon duine atá bainteach leis na Gradaim nó atá ar an bpainéal moltóireachta.
Tá aon údar a chuir isteach cheana ar an IBA nó atá th’éis cur isteach ar an IBA i mbliana, i dteideal cur isteach ar an ngradam seo.
Tá foirm iarratais ar-líne ar fáil ag www.loveleabhargaeilge.com
Is é an 31ú Lúnasa an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh ina iomlán.
Nuair a chuirtear iarratas isteach glacfar leis go bhfuil an iontrálaí ag glacadh leis na Tearmaí agus leis na Coinníollacha uilig.
Caithfidh an páirtí a chuireann iarratas isteach tacú leis an bhfeachtas de chuid an IBA agus má éiríonn leis / léi áit a fháil ar an ngearrliosta, caithfidh sé / si a bheith i láthair ar oíche na ngradam ar a c(h)ostas féin.
Sula ndéanann tú iarratas déan cinnte go bhfuil tú th’éis tic a chuir sa bhosca thíos le chinntiú dúinn go bhfuil na Téarmaí agus Coinníollacha léite agat.
Structúr na n-Iarratas:
Ba chóir go mbeidh ainm an údair agus ainm an fhoilsitheora ar an bhfoirm iarratais.
Moltóireacht:
Déanfar moltóireacht ar gach iarratas go hanaithnid.
Is ag an bPainéal Moltóireachta atá an cinneadh deiridh.
De réir reachtaíocht RGCS, coinneofar gach eolas a bhailítear le linn an phróiséis iarratais, go docht faoi rún agus ní úsáidfear é ach le dhul i dteagmháil leis na páirtithe atá bainteach leis an bpróiséas maidir leis an nGradam Love Leabhar Gaeilge amháin.