Taithí Oibre

BLAG JEAIC

Cé go raibh soilse Manhattan feicthe agam míle uair ar an teilifís, baineadh geit asam nuair a chonaic mé iad i ndáiríre um thráthnóna. Bhí an triúr buaiteoirí ó Éirinn ag teacht ó aerfort JFK go dtí busáras an Port Authority i limisín mór: Bob ó Shligeach, Róise ó Chill Airne agus mé féin. Bhí an t-aerthuras fada ach bhí deis mhaith againn aithne a chur ar a chéile, gan trácht ar scannáin a fheiceáil agus fuílleach a ithe agus a ól. Is breá liom Aer Lingus.

Scaip gach duine i dtreonna éagsúla: nach iontach go bhfuil daoine muinteartha ag an triúr againn sa chathair mhór seo!

Tháinig m’uncail, Niall, isteach ó Queens chun mé a phiocadh suas. Is deartháir le mo mham é agus is ina theach siúd a fhanfaidh mé fad a bheidh mé i Nua-Eabhrac. Chuamar abhaile thar 59th Street Bridge. Dúirt Niall go bhfuil cáil faoi leith ar an droichead seo toisc gur chum Simon agus Garfunkel amhrán mar gheall air (fadó fadó sna seascaidí).

Chan sé cúpla líne dom: ‘Slow down, you move too fast … Looking for fun and feeling groovy.’

Sin mar a bhíodh ag an nglúin a chuaigh romhainn, a chairde, scléip agus comhluadar an t-am ar fad!

Úna is ainm do bhean chéile m’uncail agus tá beirt leanaí acu: Liam atá deich mbliana d’aois agus Cathy, dhá bhliain níos óige. Tá madra beag bríomhar acu freisin, Pebbles, saghas brocaire is dócha.

Beidh an triúr Éireannach ag dul isteach go Manhattan amárach mar tá camchuairt eagraithe ag Apple dúinn.

Sin uile don oíche anocht. Bhí lá fada agam.

Ar mhaith leat blag Jeaic a leanúint? Gliogáil anseo chun Taithí Oibre a cheannach!