Tairngreacht agus Rún an Bhonnáin
Tá pobal léitheoireachta na Gaeilge ag dréim le fada le húrscéal nua ó Phroinsias Mac a’ Bhaird ón uair gur foilsíodh Rún an Bhonnáin (2010), ceann de na teidil is mó ráchairte ag LeabhairCOMHAR. Thuill rúndiamhracht agus plotaireacht bhríomhar an leabhair sin, faoi bhásanna mistéaracha amhránaithe seannóis agus a gceangal le scéal Chathail Bhuí Mhic Giolla Ghunna, cáil mar ‘Dan Brown na Gaeilge’ don údar. Go deimhin, is amhlaidh go bhfuil an teideal sin níos oiriúnaí fós do Phroinsias faoin tráth seo agus é anois tar éis úrscéal mistéarach eile a chur de, a bhfuil saol na Vatacáine mar chuid lárnach de – Tairngreacht (LeabhairCOMHAR, 2018).

Suite idir an Róimh, Éire agus Alba, agus, fearacht Rún an Bhonnáin, idir réanna stairiúla éagsúla, scéal é Tairngreacht a ndéanann Proinsias cur síos air mar ‘m[h]istéir stairiúil a bhfuil impleachtaí aige don lá inniu’.
Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais.
Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin, ach arís eile, an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, tiocfaidh an tuar faoi thairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin, tairngreacht a d’athródh an saol go deo!
Mar cheiliúradh ar an éacht is déanaí ag an gConallach ildánach, agus de bharr an éilimh leanúnaigh atá air, tá sé beartaithe ag LeabhairCOMHAR leagan úr de Rún an Bhonnáin a fhoilsiú go luath chomh maith. Is cinnte go mbeidh an deacracht céanna ag léitheoirí an dá leabhar a leagan uathu!
Leave a Reply