Tadhall
le Pauline Nic Chonaonaigh
Seolfar an cnuasach filíochta Tadhall (Cló Iar-Chonnacht) le Pauline Nic Chonaonaigh), ina bhfuil grianghrafanna le Simon Boyle, ag tráthnóna speisialta filíochta agus ceoil i Seanscoil Sailearna ar an Aoine, 12 Aibreán ag a 8:00 i.n. Tá an ócáid á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar leis an bhféile Cúirt, tá cead isteach in aisce agus tá fáilte roimh chách.
Is í Máire Ní Neachtain a bheas ina bean an tí, agus beidh dánta á n-aithris ag Deirdre Nic Chonaonaigh, Síle Nic Chonaonaigh agus Maidhc P. Ó Conaola, le ceol sainiúil ó Johnny Óg Connolly. Sa leabhar Tadhall, a céad cnuasach filíochta, tugann Pauline Nic Chonaonaigh suntas do na míorúiltí beaga sa domhan mórthimpeall uirthi: fáinleoga ar a dturas, solas na gealaí i gcomhrac leis na néalta; nó an chodarsnacht sin idir duairceas an dorchadais agus ardú meanman in éadroime an tsolais idir ollchiúnas an dúlra agus réabadh fíochmhar na stoirme.

Pauline Nic Chonaonaigh:
Guthán: 087 9583354
R-phost: paulinenic@gmail.com

I nGaillimh a rugadh Pauline Nic Chonaonaigh agus cé gur ann a chaith sí formhór a hóige, bhí an-nasc aici riamh le Cois Fharraige, mar gur as sin a d’eascair a muintir agus ba sa Spidéal a chaitheadh sí gach saoire agus gach samhradh. Is ann a chur sí fúithi nuair a phós sí agus is ann a thóg sí a clann. In Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhí sí ag obair go dtí go ndeachaigh sí ar scor roinnt blianta ó shin. Tá dánta léi foilsithe i Comhar, Feasta, An tUltach agus Northwest Words. Bhuaigh an cnuasach seo an chéad áit i gComórtas Liteartha an Oireachtais do Scríbhneoirí Úra in 2016.
Simon Boyle: www.simonboylephotography.com
Tá cónaí ar Simon Boyle sa Spidéal i gConamara lena bhean chéile agus beirt iníon. Tógann sé inspioráid dá ghrianghraf ón gceantar álainn ina bhfuil cónaí air agus ón áilleacht sa chaidreamh simplí a fheiceann sé idir dhaoine.