Tá an Nollaig ag Teacht – i nDomhan na Sióg!

  In An Nollaig Thuas, an tríú leabhar sa tsraith ‘Síscéalta Lios Lurgain’, castar na síoga Luisne agus Deirdre orainn sa Domhan Thuas (an domhan s’againne) agus iad ar saoire na Nollag lena n-aintín Gormlaith. Tá fainic curtha ar an mbeirt gan aird a tharraingt orthu féin i measc na ndaoine ‘thuas’ agus, thar aon ní eile, gan aon chleasa draíochta a imirt orthu.

Ach nuair a thosaíonn beirt pháistí sa chomharsanacht ag piocadh ar Luisne agus ar Dheirdre, bíonn an-fhonn ar an mbeirt ceacht a mhúineadh dóibh. Ach cén chaoi a ndéanfaidh said é sin gan a thaispeáint do na Daoine Thuas gur síoga iad?

Scríbhneoir do léitheoirí óga í Aoife Ní Dhufaigh agus tá cónaí uirthi in Inis Oírr, in oileáin Árann. Tá sealanna fada caite ina cónaí thar lear aici, agus tá sí anois ag plé leis an scribhneoireacht go lánaimseartha ar ais san oileán i gCuan na Gaillimhe arb as dá muintir. Chomh maith le An Nollaig Thuas, tá dhá leabhar eile sa tsraith ‘Síscealta Lios Lurgain’ scríofa ag Aoife, Éalú an Lios agus An tSióg Mhallaithe.

Is é an t-ealaíontóir Caomhán Ó Scolaí a dhearaigh na leabhair ar fad sa tsraith, agus is mór an áilleacht na pictiúir bhreátha draíochtúla atá sa leabhar.