Leabhar Nua – Dialann Emily Porter: An Jailtacht –

Bhí plean déanta ag Emily Porter dá laethanta saoire samhraidh i 1994; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meánlae agus an chuid eile den lá a chaitheamh lena cara is fearr, Olivia. Ach, i ngan a fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltasach… Bhí Emily le cur, in aghaidh a tola, chuig Coláiste Samhraidh sa Ghaeltacht – nó An Jailtacht mar a thug Emily air!

Seoladh leabhar nua le Richie Conroy Dé Sathairn seo caite ag ócáid i nGáirdín Maeve Binchy i Leabharlann Dheilginise. Bhí slua breá i láthair agus cuireadh sólaistí ó na 90adaí ar fáil cosúil le TK red lemonade agus bonnóga! Bhí atmaisféar iontach i nDeilginis don deireadh seachtaine agus daoine ag freastal ar na hócáidí liteartha ar fad a bhí ar siúl mar chuid d’Fhéile Leabhar Dheilginse. Sheol an láithreoir agus scríbhneoir, Mary Kingston, agus maisitheoir an leabhair, Don Conroy, an leabhar go hoifigiúil, agus léigh Richie sliocht ón leabhar ag an seoladh.

Is leabhar eisceachtúil é Dialann Emily Porter: An Jailtacht toisc go dtosaíonn an leabhar i mBéarla agus de réir mar a thagann feabhas ar chumas Gaeilge an phríomhcharachtair, Emily, is i nGaeilge a chríochnaíonn an leabhar. Is carachtair bríomhair agus inchreidte í Emily agus tá a chuntas féin aici ar Twitter! Abair haigh léi ar na meáin shóisialta @Jailtacht….

Is scriptscríbhneoir é údar an leabhair, Richie Conroy, a oibríonn ar chláracha teilifíse éagsúla agus scannáin don aos óg. Tá gearrscéalta a scríobh sé foilsithe sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Is é Dialann Emily Porter: An Jailtacht a chéad úrscéal.

Is údar agus maisitheoir é Don Conroy a bhfuil an-chuid leabhar do pháistí agus do dhaoine óga foilsithe aige, ar fearr aithne air mar ‘Uncle Don’ le Dustin, Socky agus Zig & Zag ar The Den ar RTÉ (cuir ceist ar do thuismitheoirí). Is aisteoir é Don freisin agus páirteanna aige in Moone Boy (Sky), Roy (CBBC) agus sa scigchlár faisnéise Fran: Assistant Manager (TV3). Bhain sé an-taitneamh as a bheith ag obair i bpáirt lena mhac mar mhaisitheoir an leabhair seo.

Fágfaimid an focal scoir ag Emily féin anseo thíos agus í ag cur síos ar a scéal:

History is written by heroines who took bold stands against their oppressors in the name of justice. From Joan of Arc to Emmeline Pankhurst, from Rosa Parks to, me, Emily Porter. This is the story of how, in the Summer of 1994, I stood up against my Oppressors (my parents) and how I came out the other side a changed person. It’s a tale of a lost teenager, of lost innocence and of a lost pair of white pepe jeans (I’m not too worried about the innocence but I really miss those jeans.).

Tá an leabhar ar fáil ar €12 ó shuíomh www.comhar.ie/leabhair agus ó siopaí leabhar maithe ar fud na tíre. Tá an leabhar dírithe ar léitheoirí óga – nó éinne a d’fhreastail ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht riamh!

Íoslódáil an preasráiteas

 

International Literature Festival BAC ar an 19ú Bealtaine

Ghlac Sadhbh Devlin agus Tarsila Krüse pairt sa Party in the Park i bPáirc Phádraig mar chuid de International Literature Festival Dublin ILF BAC ar an 19ú Bealtaine. Bhí an-spraoi acu le léitheoirí óga ag dearadh meaisín, ag léamh agus ag ceardaíocht bunaithe ar a leabhar “Bí Ag Spraoi Liom”

Dhiarmuid Johnson agus a leabhar nua Tuatha Dé Danann

Diarmuid Johnson: Ón mBriotáin go dtí an Bhreatain Bheag agus go dtí an Bhruiséil.

Ar long idir an Bhriotáin agus an Bhreatain a bhí Diarmuid Johnson, anuraidh, nuair a fuair sé scéala óna fhoilsitheoir Darach Ó Scolaí go raibh Gradam Uí Shúilleabháin buaite ag a úrscéal Conaire Mór. Nuair a fógraíodh an duais, bhí Darach ag an Oireachtas i gCill Airne agus bhí Diarmuid i long a bhí á caitheadh anonn is anall ar Mhuir nIocht. In ainneoin an drochlíne fóin, bhí an bheirt acu ag éirí den urlár le ríméad.

Bhí Diarmuid ina chónaí sa Bhreatain Bheag ag an am agus é ag réiteach le bogadh go dtí an Bhriotáin. Ó shin tá úrscéal nua scríofa aige, Tuatha Dé Danann, agus beidh sí sin sna siopaí an mhí seo. Ó shin, freisin, tá Diarmuid tosaithe ag obair sa Bhruiséil — turas seacht n-uaire an chloig ar an traein ón mBriotáin — agus déanann sé iarracht filleadh ar a theach ann chomh minic agus is féidir. Ag obair mar aistritheoir i gCoimisiún na hEorpa atá sé, obair atá dian go maith, ach mar a mheabhraíonn a fhoilsitheoir dó, tá seacht n-uair an chloig aige ar an TGV le bheith ag dréachtadh an chéad úrsceal eile, úrsceal faoin leannán sí par excellence, Éadaín.

Tá a úrscéal nua, Tuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le díbirt na bhFear Bolg as Éirinn agus le teacht Thuatha Dé Danann, díreach foilsithe agus beidh sé ar fáil gan mhoill i siopaí maithe leabhar agus ar shuíomh an fhoilsitheora www.leabharbreac.com.

Cathal am dul a luí

Teideal Údar Foilsitheoir
Cathal am dul a luí Anne Paradis Futa Fata

Tá Cathal réidh le dul a luí. Ach tá rudaí ar iarraidh air. Féach faoi na flapaí agus cabhraigh leis gach rud a fháil! On gcéad lá a cuireadh Cathal i láthair i nGaeilge, tá tóir leanúnach air.

Cairtleabhar atá ann le flapaí agus is féidir le páistí óga gnáthamh am luí Chathal a leanacht ó am folcadáin go póigín Mama. Tá iontas faoi gach flapa a chuireas go mór le léamh an scéal; rudaí a bheas siad ag súil leo agus rudaí nach mbeidh – Deaide ag snorcláil sa folcadán, mar shampla! Is é Cathal – Am dul a luí an seachtú leabhar sa tsraith seo atá foilsithe ag Futa Fata. Is iad ár gcairde, Chouette as Ceanada a d’fhoilsigh ar dtús é agus tá cáil ar an caractar beag seo, ar baisteadh Caillou air ó thús.

Tadhg Mac Dhonnagáin a d’aistrigh go Gaeilge agus is cinnte go mbainfear ard taitneamh as agus páistí óga ag réiteach iad fhéin dul a luí!

CÚ 2: Coimirceoir

Teideal Údar Foilsitheoir
CÚ 2: Coimirceoir Paul Bolger & Barry Devlin Cois Life

Chugainn faoi dheireadh: an dara húrscéal grafach sa tsraith CÚ, Cú 2: Coimirceoir. Anuraidh a foilsíodh leabhar a haon Cú: Cosantóir le Paul Bolger agus Barry Devlin, an chéad chuid d’eipic mhór Chú Chulainn. Chuir léitheoirí fáilte mhór roimh an leabhar seo a chuirfeadh na laochra móra Ultacha in aithne don ghlúin nua.

Ag tagairt don leabhar sin dó, is é a scríobh Eoin P. Ó Murchú san iris Nós, ‘Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort … Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell nó 300 i gcuimhne duit.”

San imleabhar seo insítear scéal Chú Chulainn in Albain agus é á oiliúint in ealaín an chogaidh ag an mbanghaiscíoch Scáthach, déantar cur síos ar a chairdeas leis an laoch óg Connachtach Feardia, agus ar a fhilleadh ar Éirinn mar ghaiscíoch oillte. Ach sa bhaile dó, ní hamháin go bhfuil a rí Conchúr in earráid leis, agus go bhfuil a chúige á ionsaí ag ollsluaite Mhéibhe, ach tá a ghrá geal Éimhear faoi bhagairt an bháis ag na Connachtaigh.

Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le brí ag an sárealaínotóir Paul Bolger. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige. 

 

 

 

Scéalta le hinsint don ghealach

Teideal Údar Foilsitheoir
Scéalta le hinisnt don ghealach Caoimhe Nic Lochlainn Cois Life

Téigh ag eitilt le Cóitín Luachra, ag scéalaíocht le Cú Chulainn, agus ag gaiscíocht leis na Fianna! Agus léigh an scéal ab fhearr dár insíodh riamh…

Seo chugat Scéalta le hinisnt don ghealach. Athinsintí bríomhara atá sa leabhar seo ar scéalta traidisiúnta ón bhéaloideas, agus iad curtha in oiriúint do pháistí na linne seo ag Caoimhe Nic Lochlainn. Tá meascán ann de scéalta gaiscíochta, scéalta tóraíochta agus scéalta grinn, roinnt acu bunaithe ar insintí i mBailiúchán na Scol, scéalta a bhreac páistí san fhichiú haois.

Dhá scéal déag atá sa leabhar ar an iomlán agus iad oiriúnach don tseomra ranga agus don léitheoireacht aonair araon. Tá na carachtair lán le fuinneamh, rud a bhíonn ní ba shoiléire fós nuair a léitear na scéalta os ard!

Tá léaráidí lándaite curtha ar fáil ag an mhaisitheoir Olivia Golden do na scéalta ar fad.

Seolfar an leabhar ar Champas Choláiste Phádraig in DCU agus beidh eolas faoi sin ar fáil go luath. Tá a thuilleadh eolais agus sliocht as an leabhar ar fáil ar shuíomh idirlín an fhoilsitheora: https://www.coislife.ie/product/scealta-le-hinsint-don-ghealach/

Tá eolas breise faoi Bhailiúchán na Scol ar fáil ar www.duchas.ie.                                        

 

Take a trip on a flying horse, tell some tall tales with Cú Chulainn, and go on wild adventures with the Fianna! And, of course, read the greatest story ever told…

Scéalta le hinsint don ghealach is full of exciting retellings of traditional Irish folk stories, made suitable for today’s young readers by Caoimhe Nic Lochlainn.

Suitable for readers from eight years of age and onwards, this book is an ideal choice for leisure reading or for use with a full school group. Humor and whimsy fill the pages, and many of the stories are based on old tales collected by schoolchildren in the 1930s as part of The Schools’ Collection (Bailiúchán na Scol).

A total of twelve stories appear in this collection, each one accompanied by Olivia Golden’s colourful illustrations.

The book will be launched at the St. Patrick’s College Campus of DCU, with details available in the coming weeks.

For more information and to read an excerpt from the book, visit the publisher’s website: https://www.coislife.ie/product/scealta-le-hinsint-don-ghealach/

For further information about The Schools’ Collection, visit www.duchas.ie.

Young at Art le Sadhbh Devlin

Is é Young at Art – Belfast Children’s Festival ceann de príomh-fhéiltí Tuaisceart Éireann. Spreagann sé páistí agus daoine óga faoi aois 18, ó gach cineál cúlra, le dul i ngleic leis na healaíona agus le sásamh a bhaint astu. Creideann foireann Young at Art go smior go bhfuil sé de cheart ag gach páiste fáil a bheith acu ar eispéireais úrnua, spreagúla. Chuige seo, déanann siad iliomad obair le haon bacainn eacnamaíochta, oideachasúla, sóisialta nó fisiciúla a shárú, le go mbeidh teacht ar an réimse is leithne páistí agus is féidir ar an gclár.

Bhí clár iontach ann i mbliana le himeachtaí tarraingteacha do gach aois. Ó ‘Baby Rave’ go taispeántais d’ealaín PJ Lynch, Laureate na n-Óg agus ó seóanna damhsa go léiriú stáitste de How to Catch a Star le Oliver Jeffers déanta ag Branar Téatar do Pháistí. Bhí clár Gaeilge ar fáil freisin. Rinne Myra Zepf ceardlann bunaithe ar an leabhar gleoite aici, Rita agus an Róbat agus rinne Áine Ní Ghlinn ceardlann scríbhneoireachta do pháistí níos sine.

Ba mhór an onóir dom féin agus Tarsila Krüse, mo leath-bhádóir, cuireadh a fháil le páirt a ghlacadh san fhéile freisin. Rinneamar dhá ceardlann bunaithe ar ár leabhar Bí ag Spaoi Liom! (Futa Fata) sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Bhuaileamar le rang amháin ó Scoil an Droichead agus rang eile ó Ghaelscoil Éanna agus bhí an-spraoi go deo againn le chéile! Léigh mé an scéal leis na páistí agus ansin phléamar cruthaíocht agus ceapadóireacht – téamaí atá láidir i bpearsantacht an príomh-charachtar, Lúna. Bhí deis ag na páistí a ‘mheaisín’ féin a cheapadh ansin agus rinne Tarsila na moltaí uathu a tharraingt beo. Ansin bhí deis acu féin a mheasíní pearsanta a chumadh agus iad a chur i láthair os comhair a rang. Cumadh róbó a rinne obair bhaile, ceann eile a rinne na milseán is fearr ar domhain, agus ceann eile fós a phriontáil millúin punt gach lá! Tá súil agam go n-éiríonn leis na páistí na measíní seo a thógáil i ndáiríre….

Young at Art – Belfast Children’s Festival is one of Northern Ireland’s leading festivals. They encourage children and young adults under 18, from all backgrounds, to engage with and enjoy the arts. The Young at Art team passionately believes that every child has a right to access exciting and original experiences and they work hard to try to overcome barriers to access – economic, educational, social and physical – so that as many children as possible can enjoy their programme.

This year’s programme included many enticing events, from a ‘Baby Rave’ to an exhibition by PJ Lynch, the Children’s Laureate and from dance displays to a production of Oliver Jeffer’s How to Catch a Star by Branar Téatar do Pháistí. The Irish language programme included a workshop by Myra Zepf based on her book Rita agus an Róbat and Áine Ní Ghlinn lead a writing workshop for older children.

It was an honour for myself and Tarsila Krüse to be invited to participate in the festival too. We presented two workshops based on our book Bí ag Spraoi Liom! (Futa Fata) to classes from Gaelscoil Éanna and Scoil an Droichead. I read the story to the children and then we discussed creativity and inventions – traits which are very strong in Lúna, the main character. The children had the opportunity to invent their own ‘machine’ – which Tarsila drew live, based on their suggestions. Next the children designed their own personal machines and presented their ideas to their class. There was a robot who could do homework, another who made the best sweets in the world and yet another who could print a million pounds every day! I hope that someday the children manage to build those machi   nes for real…

Tuilleadh Eolais:
Sadhbh Devlin (údar Bí ag Spraoi Liom!): www.sadhbhdevlin.ie
Tarsila Krüse (maisitheoir Bí ag Spraoi Liom!): www.tarsilakruse.com
Futa Fata (foilsitheoir Bí ag Spraoi Liom!): www.futafata.ie
Young at Art: www.youngatart.co.uk

Macán – Trí Leabhar Nua le Léamh

Teideal Údar Foilsitheoir
Macán Orianne Lallemand LeabharBreac

Macán 4, 5 & 6 tagtha!

Te bruite ó na clódóirí, tá trí leabhar nua tagtha sa tsraith Macán— bailiúchán pictiúrleabhar don aoisghrúpa 3-6 mbliana.

Sna scéilíní deasa seo a chum an Francach, Orianne Lallemand (agus a mhaisigh Eléonore Thuilier), Macán ar Saoire, Macán agus an Gobán, agus Macán ar an Trá, is mar a chéile na deacrachtaí a bhíonn ag an mac tíre beag Macán agus na deacrachtaí a bhíonn ag gach páiste — suí ar an bpota; dul a chodladh ina leaba féin; roinnt lena dheirfiúir; nó a dhinnéar a ithe.

Tagann na trí leabhar nua sna sála ar an gcéad trí leabhar sa tsraith: Macán ar an bPota, Macán ag Ithe a Dhinnéir, agus Macán san Oíche Dhorcha — leabhair a bhfuil an-tóir ag tuismitheoirí is leanaí orthu.

Go deimhin, ní hiontas “P’tit Loup” chomh mór san fhaisean sa Fhrainc agus ar mhór-roinn na hEorpa. Anois tá an mac tíre beag lách againn inár dteanga féin! Leabhair álainn soléite agus soláimhseáilte iad, déanta as plaisteach bog ionas gur furasta iad a ghlanadh, agus iad thar a bheith feiliúnach le léamh os ard sa bhaile, sa naíonra agus ar scoil — nó fiú le léamh san fholcadán!

Macán ar Saoire

Macán ar an Trá

Macán agus an Gobán

Giolcaireacht sa Ghairdín

Leabhar pictiúr nua a fhoilseoidh LeabhairComhar go luath is ea Giolcaireacht sa Ghairdín. Is toradh é ar chomhpháirtíocht idir Marie Whelton (Údar) agus Frank Endersby (Maisitheoir). Insíonn an leabhar scéal Mhaigí – cág cosdearg – a bhaineann taitneamh as giolcaireacht a dhéanamh lena cairde i ngairdín Mhamó gar don fharraige…

Tá sé d’aidhm ag Giolcaireacht sa Ghairdín ceann de na héin is tarraingtí in Éirinn a chur os comhair leanaí agus feasacht agus plé i nGaeilge a spreagadh ina measc faoi thréithe an éin. Chuige sin, ag deireadh an leabhair tá gluais, comhad fíricí faoin gcág cosdearg agus roinnt gníomhaíochtaí do pháistí.

Bheadh Giolcaireacht sa Ghairdín oiriúnach do mhúineadh gnéithe den imshaol nádúrtha (mar chuid d’Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta) do na ranganna sóisearacha i mbunscoil Lán-Ghaeilge nó chun tacú le FCÁT (Foghlaim Comhtháite Ábhar agus Teangacha) i mbunscoil Lán-Bhéarla. D’fhéadfaí é a chur ar fáil i leabhragáin scoile don léitheoireacht neamhspleách nó d’fhéadfadh tuismitheoirí é a léamh os ard sa bhaile do pháistí níos óige.

Giolcaireacht sa Ghairdín is a new picture book which will soon be published by LeabhairComhar. It is the fruit of a collaboration between Marie Whelton (Author) and Frank Endersby (Illustrator). The picture book tells the story of Maigí – a red-billed chough – who loves to chatter with her friends in Mamó’s seaside garden…

The aim of Giolcaireacht sa Ghairdín is to introduce children to one of Ireland’s most charismatic birds and to promote awareness and discussion in Irish about its traits. To that end, at the back of the book there is a glossary, some factual information about the red-billed chough and some activities for children.

Giolcaireacht sa Ghairdín would be suitable for teaching aspects of the natural environment (as part of Social, Environmental and Scientific Education) to junior classes in an Irish-Medium Primary School or to support CLIL (Content and Integrated Language Learning) in an English-Medium Primary School. It could be made available in school libraries for independent reading or it could be read aloud by parents to younger children in the home.

Tá tuilleadh eolais faoin gcág cosdearg ar fáil ag an suíomh seo:
https://www.birdwatchireland.ie/OurWork/ResearchSurveys/Choughs/tabid/122/Default.aspx

Tháinig do Litir…

Tháinig do Litir…
Litreacha ó pheann an Athar Peadar Ó Laoghaire chuig Séamus Ó Dubhghaill (Beirt Fhear)
[Foilsitheoirí: An Sagart; €15]

Cnuasach litreacha, mar aon le scata aguisíní, atá sa saothar seo atá curtha in eagar ag an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Is i Leabharlann an Ruiséalaigh, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, atá an cnuasach bunaidh ar coimeád. 99 litir ar fad atá ann ó pheann an Athar Peadar Ó Laoghaire agus é i mbun comhfhreagrais le Séamus Ó Dubhghaill (Beirt Fhear). Clúdaíonn na litreacha tréimhse ocht mbliana déag, ó mhí Aibreáin 1899 go dtí mí an Mheithimh 1917—tréimhse an-tábhachtach i scéal na Gaeilge agus obair Chonradh na Gaeilge faoi lán seoil, An Claidheamh Soluis tagtha ar an saol agus ceisteanna teanga agus cultúir á gcur agus á bplé.

Donnchadh Ó Floinn, iar-Ollamh le Gaeilge sa Choláiste, a rinne an bailiúchán a chlárú sa bhliain 1947 agus bhronn sé ar Choláiste Phádraig é i mí na Márta 1949. Ní amháin go ndearna sé iad a chlárú agus a bhronnadh ar an gColáiste, ach rinne sé iad a athscríobh ar dtús, in dhá chóipleabhar faoi chlúdach crua, chun go mbeadh cóip ann dá dtarlódh aon cheo do na litreacha bunaidh.
Cad a bhí á scríobh ag an Athair Peadar sna litreacha seo? Ní nach ionadh, tá cuid mhór iontu mar gheall ar leaganacha cainte agus brí focal, mar aon le plé ar mhúnlaí áirithe gramadaí.

Ceisteanna a bhí i mbéal an phobail i bhfoilseacháin na linne is mó a spreag, de réir dealraimh, ábhar an chomhfhreagrais, agus an tAthair Peadar ag tacú le, nó ag seasamh an fhóid i gcoinne, tuairimí á léiriú iontu.

Chreid sé sa teanga agus i saothrú na teanga, ach ar bhealach a thaitin leis féin. Iad siúd a bhí ar aon tuairim leis, bhí sé an-mhór leo, ach sheas sé an fód go láidir ina gcoinne siúd nach raibh. Feicimid sna litreacha, dá bharr, daoine áirithe á moladh go hard na spéire aige—Séamus Ó Dubhghaill féin, Eoghan Ó Gramhnaigh agus Norma Borthwick, ina measc—agus daoine eile á gcáineadh aige—Micheál Ó hIceadha, Seosamh Laoide, Eoin Mac Néill, Eoghan Ó Neachtain, agus, an duine ba mhó a thuill a cháineadh, Pádraig Mac Piarais. Is é an meon a léirítear dúinn tríd an mbailiúchán seo an ghné is luachmhaire de.

Thagair an tAthair Peadar, agus na litreacha á scríobh aige, d’ailt a bhí i gcló i bhfoilseacháin éagsúla, nó d’imeachtaí a bhí ar siúl nó á n-eagrú ag an am, agus rinne an t-eagarthóir iarracht, in aguisíní an tsaothair, na hailt seo, mar aon le tuairiscí comhaimseartha ar na himeachtaí, a chur ar fáil chun bearnaí a líonadh don léitheoir. 53 aguisín ar fad atá ann.

This work, edited and arranged by Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Maynooth University, contains a collection of letters, housed in the Russell Library in St Patrick’s College, Maynooth, along with a number of appendices. It contains 99 letters, written by Fr Peter O’Leary to J.J. Doyle (Beirt Fhear), over a period of eighteen years, from April 1899 to June 1917—an important period for the Irish language, with Conradh na Gaeilge in full swing, An Claidheamh Soluis in its infancy, and questions of language and culture very much in the public forum.

Donnchadh Ó Floinn, a former Professor of Irish in Maynooth, collated the collection in 1947 and presented it to St Patrick’s College in March 1949. Not only did he collate it, but he also wrote out all of the letters, in two hardback notebooks, to ensure a copy would survive in the event of the original letters being lost or destroyed.

About what was Fr Peter writing in these letters? Not surprisingly, we see numerous discussions about versions and meanings of words and phrases, and about particular grammar structures. It would appear that the current affairs of the time inspired the content, as Fr Peter gives his thoughts on issues and opinions as shared in contemporary publications or in public fora.

He very much believed in the language and in its cultivation, but in a way that he approved of. He had a great time for those who agreed with him, but stood strongly against those who didn’t. We find, therefore, certain individuals highly praised in his letters—among them, Ó Dubhghaill himself, Eoghan Ó Gramhnaigh and Norma Borthwick—and others deeply criticised— Micheál Ó hIceadha, Seosamh Laoide, Eoin Mac Néill, Eoghan Ó Neachtain, and the individual who received his strongest criticism, Pádraig Mac Piarais. It is this mindsight, as portrayed throughout the collection, which is of most interest.

In his letters, Fr Peter referred to articles in various publications, or to events organised or being organised, and, as a result, as an aid to the reader, the editor has endeavoured to provide these articles and accounts of the various events in the appendices, of which there are 53.

Top