Rita agus an tSióg Mhaith
Is cailín beag í Rita le smaointí móra. Nuair nach bhfuil fonn uirthi í féin a ghléasadh ar maidin, samhlaíonn sí go bhfuil Síog Mhaith aici. Ní bheadh le déanamh ag an síog ach a slaitín draíochta a chroitheadh agus – sbhúis! Ach cad a tharlóidh ansin?
Is údar í Máire ar shraith úr-nua de phictiúr-leabhair faoi ‘Rita’, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór. Tá trí leabhar do pháistí scríofa aici go dtí seo: ‘Ná Gabh ar Scoil!’, maisithe ag Tarsila Kruse (Futa Fata, 2015), ‘Lá Leis na Lochlannaigh’ (Cois Life, 2016) agus ‘Tubaiste ar an Titanic’ (Cló Mhaigh Eo, 2012). Aimníodh í do Leabhar na Bliana sa bhliain 2016, agus trí huaire do Ghradam Réics Carló. Is buaiteoir duais fhicsean an Oireachtais í chomh maith. Bhí ‘Ná Gabh ar Scoil!’ aistrithe go Cóiréis agus go Béarla mar ‘Don’t Go to School!’ (Sterling, 2017). Ceapadh Máire mar an chéad Comhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don tuaisceart i 2017 agus tá sí lonnaithe in Ollscoil na Ríona. Bíonn sí gnóthach ag reachtáil ceardlanna do pháistí bunaithe ar a cuid leabhar – ag féilte litríochta, i scoileanna agus i leabharlanna ar fud na tíre.