Próifíl Leabhar : Táin Bó Cuailnge

Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge.

Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh.

Baineann scéal na Tána leis an ionradh a rinne Ailill agus Méabh Chonnacht agus ‘ceithre ollchúige Éireann’ ar Chúige Uladh, ag iarraidh tarbh an chúige a bhreith leo as Cuailnge. Is ann a insítear scéal Chú Chulainn, an laoch óg a sheas an fód ar son na nUltach ó Luan tosaigh na Samhna go dtí tús an earraigh, gan ina chuideachta ach a charbadóir Lao, agus é in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe.

Is ann freisin a déantar cur síos ar a óige, ar a chéad ghaiscí, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, agus ar a chomhrac crólinnteach lena chara is a chomhalta, an laoch Connachtach Feardia.

Ba san 11ú hAois a breacadh na leaganacha is sine dá bhfuil againn de Tháin Bó Cuailnge. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.

“Bímis buíoch de Dharach Ó Scolaí as an tseoid seo a chur ar fáil den chéad uair do chainteoirí Gaeilge ár linne agus bímis ag súil le tuilleadh ‘nua-sheanchas’ óna pheann.” Maitiú Ó Coimín, Nós

Ceannaigh an leabhar anseo : https://www.leabharbreac.com/ga/products.html/tain-bo-cuailnge

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*

*