Ócáid do pháistí i Siopa Leabhar Chló Iar-Chonnacht

Ócáid do pháistí i Siopa Leabhar Chló Iar-Chonnacht 

Tá fáilte curtha ag Cló Iar-Chonnacht roimh an bpobal chuig ócáid sa siopa ar an Domhnach, 16 Nollaig ag a 3:00 i.n., tráth a mbeidh Marion Ní Shúilleabháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta ag léamh ón tsraith nua leabhar do pháistí, Bertie Brocach. Tá trí leabhar ón tsraith ‘Dirty Bertie’ aistrithe go Gaeilge ag Marion Ní Shúilleabháin agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Foilseofar dhá leabhar eile ón tsraith an bhliain seo chugainn agus iad aistrithe go Gaeilge ag Gormfhlaith Ní Thuairisg. Is mór an spóirt iad na leabhair seo agus iad lán le spraoi agus greann. Tá jab den chéad scoth déanta ag Marion ar an aistriúchán agus is cinnte go mbainfidh idir óg agus aosta spraoi agus spóirt astu! Tá sladmhargadh na Nollag ar siúl ag Cló Iar-Chonnacht faoi láthair freisin agus tá lascaine de suas le 50% ar fáil ar leabhair agus dlúthdhioscaí sa siopa sa Spidéal. Beidh an siopa ar oscailt ar laethanta sa mbreis ag teacht go Nollaig, agus iad ar oscailt ar an Satharn 15 Nollaig agus ar an Domhnach 16 Nollaig ón 12 meánlae go dtí a 6.00 tráthnóna. Beidh na gnáthuaireanta oscailte ann freisin agus lá eile sa mbreis ar an Satharn, 22 Nollaig ón 12 meánlae go dtí a 6.00 i.n. Tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht ag www.cic.ie

Children’s Event in the Cló Iar-Chonnacht book shop in Spiddal 

There will be a special event for children in the Cló Iar-Chonnacht book shop in Spiddal on Sunday, 16 December at 3.00 p.m. to celebrate the launch of the new series of books for children, Bertie Brocach. Cló Iar-Chonnacht are delighted to be joined on the day by Marion Ní Shúilleabháin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, who translated the three titles from the ‘Dirty Bertie’ series of books, Pian, Bréantas, and Puiteach. Marion Ní Shúilleabháin’s translations are absolutely brilliant and the books are hilarious and joyous to read and are sure to be enjoyed by young and old, alike! Marion will read a selection of excerpts from the books on Sunday and there will be loads of spot prizes and treats. Cló Iar-Chonnacht are also running their annual Christmas sale at the moment which runs until Saturday, 22 December and the book shop will be open for addtional shopping days coming up to Christmas. The Cló Iar-Chonnacht shop will be open on the usual opening hours and on the weekend of Saturday 15 and Sunday 16 December from 12 noon to 6pm on both days and on Saturday, 22 December to 6pm. Please visit the Cló Iar-Chonnacht website at www.cic.ie for further information, if required.