Muiris, Matilda agus Mugal-Bhump
As Baile Átha Cliath do Mhuiris Ó Raghallaigh, an té a d’aistrigh an leabhar is deireanaí le Roald Dahl atá ar fáil i nGaeilge, Na Gamail (The Twits). Sin é an ceann faoin dá phleota (an tUasal Ó Gamail agus Bean Uí Ghamail) agus an tUasal Mugal-Bhump agus na moncaithe. Is é Muiris a d’aistrigh Danny, Seaimpín an Domhain anuraidh. Eagarthóir sa Ghúm is ea Muiris agus is breá leis scéalta Roald Dahl, agus tá maicín beag seacht mbliana d’aois ag Muiris, Aodh is ainm dó agus is breá leis siúd Roald Dahl chomh maith.
Cosúil le Danny, Seaimpín an Domhain agus Na Cailleacha, is é an sár-ealaíontóir iontach úd Quentin Blake a mhaisigh Na Gamail.
Faoi láthair tá Muiris ag obair ar leabhar nua Roald Dahl, Matilda — sin é an ceann faoin gcailín a léann gach uile leabhar thart uirthi agus atá in ann rudaí a bhogadh lena hintinn! Sárleabhar eile í Matilda agus beidh sí ar fáil an bhliain seo chugainn.