Mr Lofa
Tá éacht mhór déanta ag David Walliams agus é ag ceiliúradh 10 mbliana dá chuid scríbhneoireachta i mbliana.
B’é The Boy in the Dress a foilsíodh i 2008 an chéad leabhar a scríobh sé. Ó shin i leith tá 13 úrscéal agus 5 pictiúrleabhar foilsithe aige.
Tá tóir domhanda ar a shaothar agus ní haon ionadh go bhfuil a chuid leabhar ar fáil i mbreis agus 53 teanga in iomlán, agus tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin!
B’é an chéad leabhar ó pheann David Walliams a d’fhoilsigh Futa Fata ná An Billiúnaí Beag. Seoladh an leabhar seo ag ocáid an-speisialta in Eason Sr. Uí Chonaill i gceartlár Bhaile Átha Cliath i mí Márta na bliana seo chaite. I measc na n-aoíanna a tháinig ar an lá bhí páistí as Gaelscoil Bhriain Bhoróimhe. Is acu a bhí an chraic le Gill Stedman agus criú RTÉ News2Day a bhí ann freisin ar an lá.
Faraor níor tháing aon bhilliúnaí ar cuairt an lá sin, ach nuair a sheol muid eagrán Gaeilge eile ó pheann Walliams, Mr. Lofa, i Siopa Leabhar Dubray, Sráid na Siopaí, Gaillimh, bhí aoi i láthair nach raibh súil leis an doras isteach.
Sea, a chairde, tháinig Mr. Lofa féin ar cuairt an lá sin. Bhí páistí óga Scoil Iognáid plúctha leis an mboladh breán a bhí uaidh!
An chéad bhliain eile, beidh fáil ar leagan Gaelach den scéal a bhfuil an-tóir ag léitheoirí air: Gangsta Granny. Idir an dá linn déanfar ceiliúradh ar fud na cruinne ar 10 mbliana de ghreann agus de scéalta ó pheann bisiúil David Walliams.
Leis na 10 mbliana a mharcáil, tá lascaine 20% ar an dá leabhar atá ar fáil uainn, An Billiúnaí Beag agus Mr Lofa ar an suíomh idirlín s’againn féin. Níl le déanamh agat ach an cód Walliams10 a chur isteach agus tú ag díol as d’ordú!
It’s ten years since David Walliams burst onto the chidren’s literary scene with his hilarious and thought-provoking stories.
The Boy in the Dress was his first book, published in 2008 and since then he has enthralled readers, leaving them in knots of laughter and floods of tears (sometimes simultaneously!) with a total of thirteen novels and five picture books.
It’s no wonder he has built a worldwide audience with his books, now available in more than 53 languages. We’re very proud at Futa Fata to have published his heartwarming stories in our own language.
Back in March 2017, we had the best fun at the launch in Eason O’Connell Street of An Billiúnaí Beag, our Irish-language reworking of Billionaire Boy. We were joined by students from Gaelscoil Bhriain Bhoróimhe who turned the interviewing tables on Gill Steadman and the RTÉ News2Day crew, on the scene to cover the event.
Unfortunately, no billionaire turned up to share their wealth with us on that day, but we did have a very special guest in Dubray Books, Galway in March of 2018 when we launched Mr. Stink (Mr Lofa).
We had to hold our noses, but we were delighted nonetheless to welcome Mr. Lofa himself to our launch party!
In 2019, we look forward to publishing an Irish edition of Walliams’ perennial favourite, Gangsta Granny, once again with the support of COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta In the meantime, we’ll definitely be celebrating 10 years of Walliams charm and wit! To mark this 10th anniversary we’re offering a 20% discount on An Billiúnaí Beag and Mr Lofa on our own website. Simply use code Walliams10 at the checkout!