Mar a Bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir

Déanann Joe Steve Ó Neachtain cur síos sa leabhar seo ar
eachtraí óna óige agus é ag fás aníos ar an gCré Dhubh sa
Spidéal.
Ag scríobh dó i mbrollach an leabhair, dúirt Joe Steve Ó
Neachtain faoin saothar seo:
“Oiread is fad méire de mo bheathaisnéis fhéin ní raibh i
gceist agam a lua sa leabhar seo ach na heachtraí a bhain
le muintir Chóil Ruaidí, dream a raibh mé mar chomharsa
béal dorais acu ón lá ar caitheadh ar an sop mé, scéal
Phádraic Chóil go háirithe.
Ach ní féidir liom a shéanadh nach bhfuil mé páirteach sa
scéal. Mar sin fhéin, is é cion Pháidín den mheacan mo
chionsa i gcomórtas leis an bpobal daoine a d’fhág lorg a
mbéil le huachta againn. Gan aon athrú curtha ar a gcuid
dea-chainte ach go díreach mar a tháinig na focla amach
as a mbéal.”
Joe Steve Ó Neachtain
Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh Joe Steve Ó
Neachtain sa bhliain 1942. Thosaigh sé ag scríobh sa
bhliain 1969 . Tá idir dhrámaí, úrscéalta, ghearrscéalta, fhilíocht, sceitseanna, amhráin agus agallaimh bheirte scríofa aige. Is liosta len áireamh iad na duaiseanna atá bronnta ar a shaothar.