Makaronik

Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Níl an focal “rogha” san Empirish, teanga na hImpireachta. Tagann Diarmuid and Gráinne, oifigigh mheánchéime de chuid na hImpireachta, leis an fho-ionad a dhruidim agus an t-oifigeach bunchéime, Makaronik, a thabhairt ar ais go dtí an Lár leo. Sin an dualgas s’acu. Níl aon rogha acu. Ach diúltaíonn Makaronik dul leo. An bhfuil an rogha aici?

Sliocht as alt le Ian Ó Caoimh: Is í Makaronik an fostaí sóisearach deiridh de chuid na hImpireachta atá fágtha ar spás-stáisiún coimeádta sonraí i bpaiste den spás ar a dtugtar Doire sa bhliain 2584. Nuair a thagann beirt oifigeach sinsearach ó Lár na hImpireachta chun a haonad a dhúnadh agus na sonraí ar fad a choimeádtar ann faoi na teangacha sin atá fós beo a chur ar neamhní, ionas go múchfar na teangacha sin, músclaítear féiniúlacht neamhspleáchais inti den chéad uair.

Cuireann sí i gcoinne na beirte, Diarmuid agus Gráinne, agus na hImpireachta a bhfuil siad ag gníomhú thar a ceann. Casann Makaronik blúirí de shean-amhráin dhátheangacha atá stóráilte i gcuimhne an aonaid, rud a chuireann alltacht ar lucht na hImpireachta ar dtús ach a mhúsclaíonn comhbhá amhrasach eatarthu agus a réitíonn an bealach do sheift chróga, fhrithúdaráis. Saothair a shuitear i bhfad ó bhaile nó i dtréimhse ama, an todhchaí go háirithe, is gnách gur chun léamh meafarach a dhéanamh ar dhálaí an bhaile agus an am i láthair é agus is amhlaidh don úrscéal gearr seo atá scríofa i nGaeilge neamhchasta. Bua amháin atá ag ‘Makaronik’ ná an casadh úr a bhaintear as an Amhrán Macarónach ann, genre nach n-athchúrsáiltear chomh minic céanna le cineálacha eile litríochta. Ach is é a phríomhbhua an athnuachan dhóchasach a dhéanann an t-ú∂ar ar cheann de thosca ginte na n-amhrán sin aniar as Éireann i ré an athraithe teanga: gur féidir le saibhreas na samhlaíochta dúchais an lámh in uachtar a fháil ar lucht cos ar bolg.