Macán – Trí Leabhar Nua le Léamh
Teideal | Údar | Foilsitheoir |
---|---|---|
Macán | Orianne Lallemand | LeabharBreac |

Te bruite ó na clódóirí, tá trí leabhar nua tagtha sa tsraith Macán— bailiúchán pictiúrleabhar don aoisghrúpa 3-6 mbliana.
Sna scéilíní deasa seo a chum an Francach, Orianne Lallemand (agus a mhaisigh Eléonore Thuilier), Macán ar Saoire, Macán agus an Gobán, agus Macán ar an Trá, is mar a chéile na deacrachtaí a bhíonn ag an mac tíre beag Macán agus na deacrachtaí a bhíonn ag gach páiste — suí ar an bpota; dul a chodladh ina leaba féin; roinnt lena dheirfiúir; nó a dhinnéar a ithe.
Tagann na trí leabhar nua sna sála ar an gcéad trí leabhar sa tsraith: Macán ar an bPota, Macán ag Ithe a Dhinnéir, agus Macán san Oíche Dhorcha — leabhair a bhfuil an-tóir ag tuismitheoirí is leanaí orthu.
Go deimhin, ní hiontas “P’tit Loup” chomh mór san fhaisean sa Fhrainc agus ar mhór-roinn na hEorpa. Anois tá an mac tíre beag lách againn inár dteanga féin! Leabhair álainn soléite agus soláimhseáilte iad, déanta as plaisteach bog ionas gur furasta iad a ghlanadh, agus iad thar a bheith feiliúnach le léamh os ard sa bhaile, sa naíonra agus ar scoil — nó fiú le léamh san fholcadán!


