Luise Ghabhanach Ni Dhufaigh Ceannrodai

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí

Tá clú ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh as an chéad Ghaelscoil ó laethanta na scoileanna scairte, Scoil Bhríde, a chur ar bun in 1917, ach ba mhó fós an t-éacht é don bhean seo nárbh eolas di go raibh an Ghaeilge ann le linn a hóige. Sa bheathaisnéis seo cuirtear an bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil seo inár láthair le daonnacht agus dúthracht taighde. Cíortar na gnéithe éagsúla dá saol,  óna cúlra teaghlaigh neamhghnách is a hóige sa bhFrainc, go dtí a haistriú go hÉireann i ndiaidh báis a hathar, an pháirt gníomhach a ghlac sí in Éirí Amach na Cásca agus a cuid oibre ceannródaíche ar son an oideachais lán-Ghaelaigh ar feadh a saoil.


An tÚdar

Is scríbhneoir ilghnéitheach í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an iliomad duaiseanna buaite aici dá cuid filíochta, scripteanna agus drámaí a bhíonn á stáitsiú go rialta. Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo, arb iad cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can’t (Scotus Press, 2014) na cinn is deireanaí uaithi. In 2017 d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR a leagan drámata de Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman. Is duine de chomhbhunaitheoirí Umbrella Theatre Company í, an compántas a léirigh Luíse, dráma bunaithe ar shaol Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh in 2016/2017. Is é Ceannródaí an chéad saothar próis óna peann.