Leabhar Nua – Dialann Emily Porter: An Jailtacht –
Bhí plean déanta ag Emily Porter dá laethanta saoire samhraidh i 1994; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meánlae agus an chuid eile den lá a chaitheamh lena cara is fearr, Olivia. Ach, i ngan a fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltasach… Bhí Emily le cur, in aghaidh a tola, chuig Coláiste Samhraidh sa Ghaeltacht – nó An Jailtacht mar a thug Emily air!
Seoladh leabhar nua le Richie Conroy Dé Sathairn seo caite ag ócáid i nGáirdín Maeve Binchy i Leabharlann Dheilginise. Bhí slua breá i láthair agus cuireadh sólaistí ó na 90adaí ar fáil cosúil le TK red lemonade agus bonnóga! Bhí atmaisféar iontach i nDeilginis don deireadh seachtaine agus daoine ag freastal ar na hócáidí liteartha ar fad a bhí ar siúl mar chuid d’Fhéile Leabhar Dheilginse. Sheol an láithreoir agus scríbhneoir, Mary Kingston, agus maisitheoir an leabhair, Don Conroy, an leabhar go hoifigiúil, agus léigh Richie sliocht ón leabhar ag an seoladh.
Is leabhar eisceachtúil é Dialann Emily Porter: An Jailtacht toisc go dtosaíonn an leabhar i mBéarla agus de réir mar a thagann feabhas ar chumas Gaeilge an phríomhcharachtair, Emily, is i nGaeilge a chríochnaíonn an leabhar. Is carachtair bríomhair agus inchreidte í Emily agus tá a chuntas féin aici ar Twitter! Abair haigh léi ar na meáin shóisialta @Jailtacht….
Is scriptscríbhneoir é údar an leabhair, Richie Conroy, a oibríonn ar chláracha teilifíse éagsúla agus scannáin don aos óg. Tá gearrscéalta a scríobh sé foilsithe sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Is é Dialann Emily Porter: An Jailtacht a chéad úrscéal.
Is údar agus maisitheoir é Don Conroy a bhfuil an-chuid leabhar do pháistí agus do dhaoine óga foilsithe aige, ar fearr aithne air mar ‘Uncle Don’ le Dustin, Socky agus Zig & Zag ar The Den ar RTÉ (cuir ceist ar do thuismitheoirí). Is aisteoir é Don freisin agus páirteanna aige in Moone Boy (Sky), Roy (CBBC) agus sa scigchlár faisnéise Fran: Assistant Manager (TV3). Bhain sé an-taitneamh as a bheith ag obair i bpáirt lena mhac mar mhaisitheoir an leabhair seo.
Fágfaimid an focal scoir ag Emily féin anseo thíos agus í ag cur síos ar a scéal:
History is written by heroines who took bold stands against their oppressors in the name of justice. From Joan of Arc to Emmeline Pankhurst, from Rosa Parks to, me, Emily Porter. This is the story of how, in the Summer of 1994, I stood up against my Oppressors (my parents) and how I came out the other side a changed person. It’s a tale of a lost teenager, of lost innocence and of a lost pair of white pepe jeans (I’m not too worried about the innocence but I really miss those jeans.).
Tá an leabhar ar fáil ar €12 ó shuíomh www.comhar.ie/leabhair agus ó siopaí leabhar maithe ar fud na tíre. Tá an leabhar dírithe ar léitheoirí óga – nó éinne a d’fhreastail ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht riamh!
Íoslódáil an preasráiteas