Gradam LoveLeabharGaeilge 2020
The Irish Book Awards – Gradam LoveLeabharGaeilge 2020
Tá ríméad ar LoveLeabharGaeilge a fhógairt go bhfuil urraíocht á dhéanamh againn arís i mbliana ar an An Post Irish Book Award 2020 (Gradam LoveLeabharGaeilge).
Tairngreacht le Prionsias Mac a’Bhaird – buaiteoir na bliana seo caite.
Glacfar le h-iontrálacha ar an suíomh seo go dtí an 31ú Lúnasa 2020. Ní mhór do gach foilsitheoir a bheith in ann cóip dhigiteach (PDF) a sheoladh nuair a bheidh na h-iontrálacha á dhéanamh.
Tá an catagóir seo oscailte do leabhair do dhaoine fásta a foilsíodh idir 1ú Samhain 2019 agus 31ú Deireadh Fómhair 2020. Cuirfear as an áireamh aon leabhar nach mbeidh foilsithe roimh 1ú Deireadh Fómhair 2020.
I ngeall ar Covid-19 ní bheidh lucht eagraithe an Irish Book Awards ag déanamh aon réiteach cinnte i dtaobh nádúr ócáid an bhronnta ach táthar ag súil go mbeidh an gearrliosta le fógairt ag deireadh mí Dheireadh Fómhair (22ú) agus go mbeidh an buaiteoir á roghnú ar an 25ú Samhain 2020.
Nóta:
Tá painéal neamhspléach moltóireachta curtha le chéile ag LoveLeabharGaeilge chun na h-iontrálacha a mheas agus chun buaiteoir a roghnú do Ghradam na bliana seo. Beidh deis ag an bpobal féin vóta a chaitheamh ar shuíomh an Irish Book Awards ach is ag an bpainéal moltóireachta amháin a bheidh an cinneadh i gcomórtas na leabhar Gaeilge.
Iarrtar oraibh na Téarmaí & Coinníollacha uile a léamh anseo agus an FHOIRM IARRATAIS A LÍONADH (THÍOS):
(Téarmaí & Coinníollacha Irish Book Awards)
![]() |
![]() |