Inní

Cnuasach gearrscéalta ón scríbhneoir aitheanta Réaltán Ní Leannáin.
Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go cumasach muid tríd chalaois, lúbaireacht agus uisce faoi thalamh. Caitheann Réaltán súil ghéar ar shaol na gcarachtair inchreidte a chuireann sí romhainn, ceistíonn sí ról na n-aicmí sa tsochaí, nochtann sí an fhimíneacht a bhíonn a cheilt i gan fhios agus tarraingíonn sí aird ar an mhí-chothromaíocht i saol na gcarachtair shuimiúla a chuireann sí os ár gcomhair. Éiríonn léi seo a bhaint amach go réidh caolchúiseach sa chnuasach nua gearrscéalta seo.
“Cnuasach eile dea-scríofa soléite é seo ó pheann Réaltán Ní Leannáin. Faoi mar is dual di, tá guth na mban chun cinn sna scéalta seo a chíorann an mion agus an mór araon: cultúr an éignithe agus na náire, foréigean agus teannas polaitiúil, ach chomh maith leis sin, dlúithe teaghlaigh agus soineantacht na hóige. Tá bua faoi leith ag Ní Leannáin maidir le caint bheo a chur i mbéal a cuid carachtar, go háirithe páistí óga. Bua é sin a shéideann greann agus bríomhaireacht isteach sna scéalta fiú agus ábhair thromchúiseacha á spíonadh.”
An Dr. Caitlín Nic Íomhair
Rugadh agus tógadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste. Chónaigh sí agus d’oibrigh sí in go leor áiteanna ar fud na hÉireann agus na Spáinne thar na blianta. Cuireann sí an-suim i dteangacha agus i gcultúr na Spáinne, agus dár léi féin go caitheann i bhfad barraíocht ama ar Twitter! Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath.
Is é Inní, a dara cnuasach gearrscéalta. Foilsíodh an cnuasach Dílis (Cló Iar-Chonnacht) in 2015 agus tá na scéalta ann fréamhaithe in óige an údair, i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí sna 1970idí.Tá an t-úrscéal Cití na gCártaí (Cois Life), fréamhaithe i gcuimhní mhuintir Réaltáin agus is taifead ar athrú suntasach i saol an údair is é an saothar Turas Ailse (Coiscéim, 2011).
Leave a Reply