Fáilte chuig an chéad blag de chuid Love Leabhar Gaeilge
Fáilte chuig an chéad blag de chuid Love Leabhar Gaeilge agus mar a thugann an t-ainm le fios teastaíonn uainn go mbeidh dúil agaibh i léamh leabhair chomhaimseartha Gaeilge.
Sa bhlag seo roinnfear eolas suimiúil faoina teidil chomhaimseartha uilig atá againn ó na foilsitheoirí leabhar Gaeilge sa tír – leabhair atá feiliúnach do ghasúir atá ag foghlaim na teanga, do ghasúir a bhfuil saibhreas na teanga acu agus do léitheoirí fásta chomh maith. Beidh léirmheasanna leabhair, agallaimh le húdair, físeanna agus eolas fhaisnéisigh maidir leis na féilte leabhair agus scríbhneoireachta a bhíonn ar siúl in Éirinn.
Bunaíodh Love Leabhar Gaeilge i 2014 agus an sprioc a bhí againn ón gcéad lá ná an t-áthas a bhaineann le léamh trí Ghaeilge a mhúscailt agus na siopaí agus na leabharlanna a spreagadh chun níos mó leabhair chomhaimseartha Gaeilge a chur ar fáil. Déanann an scéim ionadaíocht ar son na foilsitheoirí Gaeilge uilig agus tá sí urraithe ag Foras na Gaeilge. Is iad seo a leanas ár bhfoilsitheoirí:
- Futa Fata
- Leabhair Comhar
- Leabhar Breac
- Cló Iar-Chonnacht
- Cois Life
- Éabhlóid
- An Sagart
- Oidhreacht Chorca Dhuibhne
- An t-Snaithid Mhór
Feidhmíonn scéim Love Leabhar Gaeilge trí siopaí leabhar neamhspleácha agus trí leabharlanna. Gach séasúr cuirimíd bailiúcháin nua chun cinn – bailiúcháin do ghasúir agus do dhaoine fásta – trí feachtais margaíochta pleanáilte agus faigheann na rannpháirtithe uilig poiblíocht ar-líne breise ar na h-ardáin meáin shóisialta de chuid LLG.
Is í 2018 Bliain na Gaeilge agus tá muid ag ceiliúradh na Gaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá Love Leabhar Gaeilge ag súil go mór le himeachtaí naisiúnta a phleanáil leis na siopaí agus leabharlanna atá linn.
Tabhair cuairt ar shuíomh idirlíon Love Leabhar Gaeilge chun feiscint céard iad na leabhair atá á chur chun cinn againn faoi láthair agus lean muid ar na meáin shóisialta chun a bheith coinnithe ar an eolas faoina h-imeachtaí atá amach romhainn.