Dílis
Dílis : Foilsitheoir – Cló Iar-Chonnacht / Údar – Réaltán Ní Leannáin
Bean dhílis tréigthe, bean eile ag dul i ngleic leis an éigniú agus fuadach a hóige, pacáistí rúnda agus fear ag saothrú an bháis. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhar seo tá scéal casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil, soineantacht na hóige agus briseadh na soineantachta céanna.
Is iomaí cor a chuireann an saol de agus is iomaí cor atá i ndán don léitheoir sa chnuasach ilghnéitheach seo.

Réaltán Ní Leannáin
As Béal Feirste ó dhúchas í Réaltán Ní Leannáin agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá gradaim agus gearrliostáil bainte amach aici dá cuid scríbhneoireachta le blianta beaga anuas.
Ina measc, bhuaigh ‘Clic’ – ón gcnuasach seo – an chéad áit i gComórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine sa bhliain 2014, agus bhuaigh an gearrscéal ‘Dílis’ duais i gComórtas Liam Mhic Uistín sa bhliain 2013.
Is é seo a céad chnuasach gearrscéalta. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta léi, Turas Ailse, sa bhliain 2011. Tá a cuid scríbhneoireachta ar fáil freisin ar a blag: turasailse.blogspot.com.