Diarmuid Johnson

Tar éis ghradaim na leabhar mórdhíola Conaire Mór agus Tuatha Dé Danann, níl sé i gceist ag Diarmuid Johnson luí ar na maidí. Go deimhin, cheana féin, tá an scríbhneoir ag obair ar an tríú leabhar sa triológ, ar Éadaoin, síscéal mór grá na hÉireann. Casadh Éadaoin orainn roimhe seo in Conaire Mór óir ba í máthair an rí sin í, ach cuirfear aithne níos iomláine ar an leannán sí sa leabhar seo.

Le tabhairt faoin úrscéal seo, tá sé i gceist ag Diarmuid sos a thógáil óna chuid oibre mar aistritheoir sa Bhruiséil agus an bóthar siar a thabhairt air féin le mí a chaitheamh sa Bhriotáin. Is ann atá teach sa gcoill agus úllord aige féin agus a mhuintir, agus is ann a thabharfaidh sé faoin tríú imleabhar sa tsraith eipiceach seo.

Is ar na leaganacha éagsúla de ‘Thochmharc Éadaoine’ atá ar marthain i Leabhar na hUidhre agus i Leabhar Buí Leacan a bhunófar ‘Éadaoin’, agus mar is léir ó ábhar an scéil, is í seo leabhar is fileata fós sa tsraith. Is fada linn go bhfaighe muid blaise d’úll seo na hÉireann agus na Briotáine!

Darach Ó Scolaí
Eagarthóir Ginearálta