Dhiarmuid Johnson agus a leabhar nua Tuatha Dé Danann

Diarmuid Johnson: Ón mBriotáin go dtí an Bhreatain Bheag agus go dtí an Bhruiséil.

Ar long idir an Bhriotáin agus an Bhreatain a bhí Diarmuid Johnson, anuraidh, nuair a fuair sé scéala óna fhoilsitheoir Darach Ó Scolaí go raibh Gradam Uí Shúilleabháin buaite ag a úrscéal Conaire Mór. Nuair a fógraíodh an duais, bhí Darach ag an Oireachtas i gCill Airne agus bhí Diarmuid i long a bhí á caitheadh anonn is anall ar Mhuir nIocht. In ainneoin an drochlíne fóin, bhí an bheirt acu ag éirí den urlár le ríméad.

Bhí Diarmuid ina chónaí sa Bhreatain Bheag ag an am agus é ag réiteach le bogadh go dtí an Bhriotáin. Ó shin tá úrscéal nua scríofa aige, Tuatha Dé Danann, agus beidh sí sin sna siopaí an mhí seo. Ó shin, freisin, tá Diarmuid tosaithe ag obair sa Bhruiséil — turas seacht n-uaire an chloig ar an traein ón mBriotáin — agus déanann sé iarracht filleadh ar a theach ann chomh minic agus is féidir. Ag obair mar aistritheoir i gCoimisiún na hEorpa atá sé, obair atá dian go maith, ach mar a mheabhraíonn a fhoilsitheoir dó, tá seacht n-uair an chloig aige ar an TGV le bheith ag dréachtadh an chéad úrsceal eile, úrsceal faoin leannán sí par excellence, Éadaín.

Tá a úrscéal nua, Tuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le díbirt na bhFear Bolg as Éirinn agus le teacht Thuatha Dé Danann, díreach foilsithe agus beidh sé ar fáil gan mhoill i siopaí maithe leabhar agus ar shuíomh an fhoilsitheora www.leabharbreac.com.