CÚ 2: Coimirceoir

Teideal Údar Foilsitheoir
CÚ 2: Coimirceoir Paul Bolger & Barry Devlin Cois Life

Chugainn faoi dheireadh: an dara húrscéal grafach sa tsraith CÚ, Cú 2: Coimirceoir. Anuraidh a foilsíodh leabhar a haon Cú: Cosantóir le Paul Bolger agus Barry Devlin, an chéad chuid d’eipic mhór Chú Chulainn. Chuir léitheoirí fáilte mhór roimh an leabhar seo a chuirfeadh na laochra móra Ultacha in aithne don ghlúin nua.

Ag tagairt don leabhar sin dó, is é a scríobh Eoin P. Ó Murchú san iris Nós, ‘Cé go bhfuil bunchreatlach an scéil ar eolas ag go leor níl an leabhar seo teanntaithe ag an seanscéal agus dá bhrí sin ní fada go dtéann sé agus na pictiúir chorraitheacha i bhfeidhm ort … Éiríonn thar cionn leis. Chuirfeadh úsáid chliste na ndathanna From Hell nó 300 i gcuimhne duit.”

San imleabhar seo insítear scéal Chú Chulainn in Albain agus é á oiliúint in ealaín an chogaidh ag an mbanghaiscíoch Scáthach, déantar cur síos ar a chairdeas leis an laoch óg Connachtach Feardia, agus ar a fhilleadh ar Éirinn mar ghaiscíoch oillte. Ach sa bhaile dó, ní hamháin go bhfuil a rí Conchúr in earráid leis, agus go bhfuil a chúige á ionsaí ag ollsluaite Mhéibhe, ach tá a ghrá geal Éimhear faoi bhagairt an bháis ag na Connachtaigh.

Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le brí ag an sárealaínotóir Paul Bolger. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.