Cluiche crua é slánú an domhain – leabhar nua do dhaoine óga le Anna Heussaff seolta i gCluain Dolcáin

Seoladh SÁRÚ, an t-úrscéal is deireanaí do dhaoine óga leis an údar clúiteach Anna Heussaff, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ag ócáid speisialta i gColáiste Chilliain ar an Luan, 12 Márta, 2018. Chuir daltaí agus múinteoirí ó Choláiste Chilliain agus ó Ghaelscoil Chluain Dolcáin fáilte mhór roimh Anna agus léigh daltaí ón dá scoil míreanna as SÁRÚ amach os ard mar chuid den ócáid. Is é SÁRÚ an tríú húrscéal do léitheoirí óga a scríobh Anna Heussaff. Is féidir radharc a fháil isteach sa leabhar ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus an t-údar a chloisteáil ag léamh an chéad chaibidil ag an nasc seo: http://www.cic.ie/books/published-books/saru
Bhí na príomhcharachtair chéanna sna leabhair Vortex (Cois Life, 2006) agus in Hóng (Cló Iar-Chonnacht 2012), a bhuaigh Gradam Speisialta na Moltóirí ó Leabhar Pháistí Éireann in 2013. Mistéir, bulaíocht agus fadhbanna móra an domhain – tá siad go léir le sárú san úrscéal seo do léitheoirí in aois 11–15 bliain. Tá SÁRÚ an-oiriúnach mar ábhar léitheoireachta sa seomra ranga agus tá gluais ag deireadh an scéil.
Thóg an grianghrafadóir Seán Ó Mainnín rogha pictiúirí áille ag an seoladh agus tá siad le feiceáil ar shuíomh idirlín Tuairisc.ie ag an nasc seo: https://tuairisc.ie/gailearai-nil-a-saru-ann-leabhar-nua-le-anna-heussaff-seolta-i-gcolaiste-chillin-cluain-dolcain/
Saving the world is a tough game – a gripping new novel for young people by Anna Heussaff launched in Clondalkin
SÁRÚ, Anna Heussaff’s latest novel for young readers, published by Cló Iar-Chonnacht, was launched at a special event in Coláiste Chilliain in Clondalkin, Co. Dublin on Monday, 12 March, 2018. Teachers and students from Coláiste Chilliain and Gaelscoil Chluain Dolcáin gave Anna a warm welcome to the event and students from both schools read out excerpts from SÁRÚ as part of the event.
SÁRÚ is Anna Heussaff’s third novel for young readers, and has the same lead characters as featured in hear earlier books, Vortex (Cois Life, 2006) and Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012), which won the Childrens Books Ireland Special Judges Award in 2013. You can look inside the book on the Cló Iar-Chonnacht website and listen to the author reading the first chapter at this link: http://www.cic.ie/en/books/published-books/saru
Mystery, bullying threats and huge global problems – they’re the challenges to be faced in this new story for readers aged 11 to 15 years by the award-winning author, Anna Heussaff. SÁRÚ is suitable as a classroom reader and includes a helpful glossary at the back of the book.
The photographer Seán Ó Mainnín attended the launch event and a selection of photographs can be viwed on Tuairisc.ie at this link: https://tuairisc.ie/gailearai-nil-a-saru-ann-leabhar-nua-le-anna-heussaff-seolta-i-gcolaiste-chillin-cluain-dolcain/