An Buachaill is Measa ar Domhan

Aistriúchán Gaeilge le Máire Nic Con Iomaire ar ‘The Legend of the Worst Boy in the World’ le hEoin Colfer. Maisithe ag Tony Ross.

Ag fás aníos le ceathrar deartháireacha, beidh am crua ag Will Woodman aird a dhíriú air. Caithfidh sé fanacht i líne chun gearán a dhéanamh lena mam — agus fágann sé sin a athair. Ach ós rud é go bhfuil a athair chomh gnóthach caithfidh Will labhairt lena dheartháir níos sine (agus níos tapúla) Marty.

Teastaíonn duine éigin níos sine chun gearán a dhéanamh leis, agus tá an fear foirfe aige don phost — duine atá ina éisteoir maith agus a bhfuil a lán ama saor aige – a seanathair. Ní éiríonn an gearán le Grandad chomh sásúil agus a smaoinigh Will. Ach nuair a chloiseann Will an finscéal a bhaineann leis an mbuachaill is measa ar domhan, tá a fhios aige gur bhuail sé an jackpot.

Súil

Sa chnuasach gearrscéalta seo, amharcann an t-údar ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag an iolar fíréan agus é ag iarraidh a theacht i dtír ar shléibhte Thír Chonaill, an ghráinneog fhéir agus é ag treabhadh leis ó thús earraigh go deireadh fómhair, an teifeach mná ar thóir na saoirseachta, agus an mháthair úr iarbhreithe agus í ar thóir an tsonais.

Tá an leabhar seo scríofa go réidh rithimeach agus tá blas na scéalaíochta le sonrú ó thús go deireadh. Leabhar é seo don tsúil agus don chluas.

Bí ag Spraoi Liom!

Tá Lúna ag iarraidh dul ag taisteal le Mamaí ina Meaisín. Ama nua – ach tá Mamaí an-ghnóthach. An féidir le Lúna í a mhealladh le páirt a ghlacadh sa spraoi?

With gorgeous pictures by Tarsila Krüse, Sadhbh Devlin’s fun-filled “Bí ag Spraoi Liom!” reminds us that we all need to make time for play.’ PJ Lynch, Laureate na nÓg.

Bhí na leabhair seo le feiceáil ar “The Late Late Toy Show 2017” agus “Today with Maura & Daithí”

Faoin Scríbhneoir:

Is scríbhneoir, colúnaí irisleabhair, láithreoir agus taighdeoir teilifíse í Sadhbh Devlin. Is i gCill Mhantáin atá sí ina cónaí. Bhí sí mar láithreoir agus stiúrthóir ealaíne ar an tsraith teilifíse do pháistí An Fear Bréige a craoladh ar TG4, sraith a dhírigh ar théamaí eiceolaíochta agus ceardaíochta. Faoi láthair is í an taighdeoir leis an gclár faisnéise seachtainiúil do mhná Róisín ar TG4.

Titley

Maidir leis an leabhar

Tá sé ráite ag an scoláire Philip O’Leary gur ‘serious injustice – to Titley, to literature in Irish, and to potential readers’ é a laghad ábhar critice atá scríofa air. Iarracht ar chuid den bhearna sin a líonadh atá sa leabhar seo, ina bhféachann Coilféir le teacht ar bhunfhoinsí ceapadóireachta Titley. Is é a shaothar scríofa agus stáitse, seachas a shaothar don raidió nó don teilifís, atá faoi chaibidil aige agus cuirtear san áireamh mórán gach a bhfuil foilsithe aige óna chéad alt i 1965 go dtí an t-alt is deireanaí uaidh in 2016. Mar is dual d’údar a bhfuil níos mó ná caoga bliain caite aige i mbun pinn, tá líon mór scríbhinní curtha de aige agus éagsúlacht mhór stíle agus scéalaíochta iontu dá réir.

Údar

Máirtín Coilféir

Bhain Máirtín Coilféir BA agus PhD, bunaithe ar shaothar Alan Titley, amach i gColáiste na Tríonóide agus Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ó OÉ Má Nuad. Tá spéis faoi leith aige sa nualitríocht, sa chritic liteartha agus i léann an aistriúcháin. D’oibrigh sé i gColáiste na Tríonóide, in OÉG, mar eagarthóir liteartha na hirise Comhar, agus ina eagarthóir ar an iris piarmheasta acadúil COMHARTaighde. Tá sé ina Léachtóir Cúnta sa Léann Cheilteach in Ollscoil Choláiste Naomh Mícheál in Ollscoil Toronto.

Pop!

Achoimre

Is cailín lán brionglóidí gan eagla í Rua, atá fiosrach faoi gach uile rud. Is breá léi triail a bhaint as rudaí neamhghnácha. Lá gan dearmad é an lá sin a dhéanann Rua an Blastaghuma a chogaint. Cad é a tharla an lá sin? Lean eachtra mháine mhire Rua agus a cairde, Armó agus Bící, sa scéal spleodrach seo. 

Pop! Is the story of three friends: Rua Mac, Armo Armadillo and Bící Bear. Armo and Bící love nothing more than to sit in each evening with a nice bucket of freshly made popcorn. Rua Mac on the other hand loves the extraordinary!


POP! Údar – Caitríona Nic Sheáin, Léaráidí – Andrew Whitson

Armo and Bící find themselves in hot pursuit of Rua as she persuades them to try some magical Blast Gum which catapults her away and up into the air. Mayhem ensues as Armo and Bící grapple with death defying situations in an effort to save their friend.

Dílis

Dílis : Foilsitheoir – Cló Iar-Chonnacht / Údar – Réaltán Ní Leannáin

Bean dhílis tréigthe, bean eile ag dul i ngleic leis an éigniú agus fuadach a hóige, pacáistí rúnda agus fear ag saothrú an bháis. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhar seo tá scéal casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil, soineantacht na hóige agus briseadh na soineantachta céanna.

Is iomaí cor a chuireann an saol de agus is iomaí cor atá i ndán don léitheoir sa chnuasach ilghnéitheach seo.

Réaltán Ní Leannáin

As Béal Feirste ó dhúchas í Réaltán Ní Leannáin agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath. Tá gradaim agus gearrliostáil bainte amach aici dá cuid scríbhneoireachta le blianta beaga anuas.

Ina measc, bhuaigh ‘Clic’ – ón gcnuasach seo – an chéad áit i gComórtas Gearrscéalaíochta Uí Mháine sa bhliain 2014, agus bhuaigh an gearrscéal ‘Dílis’ duais i gComórtas Liam Mhic Uistín sa bhliain 2013.

Is é seo a céad chnuasach gearrscéalta. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach filíochta léi, Turas Ailse, sa bhliain 2011. Tá a cuid scríbhneoireachta ar fáil freisin ar a blag: turasailse.blogspot.com.

Diarmuid Johnson

Tar éis ghradaim na leabhar mórdhíola Conaire Mór agus Tuatha Dé Danann, níl sé i gceist ag Diarmuid Johnson luí ar na maidí. Go deimhin, cheana féin, tá an scríbhneoir ag obair ar an tríú leabhar sa triológ, ar Éadaoin, síscéal mór grá na hÉireann. Casadh Éadaoin orainn roimhe seo in Conaire Mór óir ba í máthair an rí sin í, ach cuirfear aithne níos iomláine ar an leannán sí sa leabhar seo.

Le tabhairt faoin úrscéal seo, tá sé i gceist ag Diarmuid sos a thógáil óna chuid oibre mar aistritheoir sa Bhruiséil agus an bóthar siar a thabhairt air féin le mí a chaitheamh sa Bhriotáin. Is ann atá teach sa gcoill agus úllord aige féin agus a mhuintir, agus is ann a thabharfaidh sé faoin tríú imleabhar sa tsraith eipiceach seo.

Is ar na leaganacha éagsúla de ‘Thochmharc Éadaoine’ atá ar marthain i Leabhar na hUidhre agus i Leabhar Buí Leacan a bhunófar ‘Éadaoin’, agus mar is léir ó ábhar an scéil, is í seo leabhar is fileata fós sa tsraith. Is fada linn go bhfaighe muid blaise d’úll seo na hÉireann agus na Briotáine!

Darach Ó Scolaí
Eagarthóir Ginearálta

Tadhall

by Pauline Nic Chonaonaigh

Irish Version

The collection of poetry, Tadhall by Pauline Nic Chonaonaigh, published by Cló Iar-Chonnacht, which features photographs by Simon Boyle, will be launched at a special evening of poetry and music in Seanscoil Sailearna on Friday, 12 April at 8:00 p.m. The event is being organised by Cló Iar-Chonnacht in association with the Cúirt festival. Entry is free of charge and all are welcome to attend.

Local author and academic, Máire Ní Neachtain, will be the host on the evening and poems from the collection will be read aloud by Deirdre Nic Chonaonaigh, Síle Nic Chonaonaigh and Maidhc P. Ó Conaola, accompanied by the distinctive music of Johnny Óg Connolly.

In Tadhall, her first collection, Pauline Nic Chonaonaigh finds inspiration in the small miracles she sees in the world around her: swallows on their journey, the light of the moon piercing clouds or the contrast between the palpable intensity of stillness and the ripping ferocity of a storm.

Pauline Nic Chonaonaigh:
Guthán: 087 9583354
R-phost: paulinenic@gmail.com

Pauline Nic Chonaonaigh

Pauline Nic Chonaonaigh was born in Galway, and although she spent most of her childhood in the city, she always had a strong connection to Cois Fharraige, as both of her parents were originally from that area. She spent the summers of her youth in Spiddal and that is where she married and settled down and raised her family. Pauline worked with the National University of Ireland, Galway, until her retirement in recent years. Her poems have been published in Comhar, Feasta, An tUltach and Northwest Words. This collection won the first prize in the Oireachtas na Gaeilge Literary Competition for New Writers in 2016.

Simon Boyle: www.simonboylephotography.com
Simon Boyle lives in Spiddal, Connemara, with his wife and their two daughters. He takes inspiration for his photographs from the beauty of the surrounding landscape and in the beauty of the simple relationships between people.

Tadhall

le Pauline Nic Chonaonaigh

Leagan Béarla

Seolfar an cnuasach filíochta Tadhall (Cló Iar-Chonnacht) le Pauline Nic Chonaonaigh), ina bhfuil grianghrafanna le Simon Boyle, ag tráthnóna speisialta filíochta agus ceoil i Seanscoil Sailearna ar an Aoine, 12 Aibreán ag a 8:00 i.n. Tá an ócáid á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar leis an bhféile Cúirt, tá cead isteach in aisce agus tá fáilte roimh chách.

Is í Máire Ní Neachtain a bheas ina bean an tí, agus beidh dánta á n-aithris ag Deirdre Nic Chonaonaigh, Síle Nic Chonaonaigh agus Maidhc P. Ó Conaola, le ceol sainiúil ó Johnny Óg Connolly. Sa leabhar Tadhall, a céad cnuasach filíochta, tugann Pauline Nic Chonaonaigh suntas do na míorúiltí beaga sa domhan mórthimpeall uirthi: fáinleoga ar a dturas, solas na gealaí i gcomhrac leis na néalta; nó an chodarsnacht sin idir duairceas an dorchadais agus ardú meanman in éadroime an tsolais idir ollchiúnas an dúlra agus réabadh fíochmhar na stoirme.

Pauline Nic Chonaonaigh:
Guthán: 087 9583354
R-phost: paulinenic@gmail.com

Pauline Nic Chonaonaigh

I nGaillimh a rugadh Pauline Nic Chonaonaigh agus cé gur ann a chaith sí formhór a hóige, bhí an-nasc aici riamh le Cois Fharraige, mar gur as sin a d’eascair a muintir agus ba sa Spidéal a chaitheadh sí gach saoire agus gach samhradh. Is ann a chur sí fúithi nuair a phós sí agus is ann a thóg sí a clann. In Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhí sí ag obair go dtí go ndeachaigh sí ar scor roinnt blianta ó shin. Tá dánta léi foilsithe i Comhar, Feasta, An tUltach agus Northwest Words. Bhuaigh an cnuasach seo an chéad áit i gComórtas Liteartha an Oireachtais do Scríbhneoirí Úra in 2016.

Simon Boyle: www.simonboylephotography.com
Tá cónaí ar Simon Boyle sa Spidéal i gConamara lena bhean chéile agus beirt iníon. Tógann sé inspioráid dá ghrianghraf ón gceantar álainn ina bhfuil cónaí air agus ón áilleacht sa chaidreamh simplí a fheiceann sé idir dhaoine.

Makaronik

Úrscéal suite i bhfo-ionad sonraí, i nDoire, ar imeall na hImpireachta, sa bhliain 2584. Na rudaí is tábhachtaí san Impireacht ná dualgas agus dílseacht. Níl an focal “rogha” san Empirish, teanga na hImpireachta. Tagann Diarmuid and Gráinne, oifigigh mheánchéime de chuid na hImpireachta, leis an fho-ionad a dhruidim agus an t-oifigeach bunchéime, Makaronik, a thabhairt ar ais go dtí an Lár leo. Sin an dualgas s’acu. Níl aon rogha acu. Ach diúltaíonn Makaronik dul leo. An bhfuil an rogha aici?

Sliocht as alt le Ian Ó Caoimh: Is í Makaronik an fostaí sóisearach deiridh de chuid na hImpireachta atá fágtha ar spás-stáisiún coimeádta sonraí i bpaiste den spás ar a dtugtar Doire sa bhliain 2584. Nuair a thagann beirt oifigeach sinsearach ó Lár na hImpireachta chun a haonad a dhúnadh agus na sonraí ar fad a choimeádtar ann faoi na teangacha sin atá fós beo a chur ar neamhní, ionas go múchfar na teangacha sin, músclaítear féiniúlacht neamhspleáchais inti den chéad uair.

Cuireann sí i gcoinne na beirte, Diarmuid agus Gráinne, agus na hImpireachta a bhfuil siad ag gníomhú thar a ceann. Casann Makaronik blúirí de shean-amhráin dhátheangacha atá stóráilte i gcuimhne an aonaid, rud a chuireann alltacht ar lucht na hImpireachta ar dtús ach a mhúsclaíonn comhbhá amhrasach eatarthu agus a réitíonn an bealach do sheift chróga, fhrithúdaráis. Saothair a shuitear i bhfad ó bhaile nó i dtréimhse ama, an todhchaí go háirithe, is gnách gur chun léamh meafarach a dhéanamh ar dhálaí an bhaile agus an am i láthair é agus is amhlaidh don úrscéal gearr seo atá scríofa i nGaeilge neamhchasta. Bua amháin atá ag ‘Makaronik’ ná an casadh úr a bhaintear as an Amhrán Macarónach ann, genre nach n-athchúrsáiltear chomh minic céanna le cineálacha eile litríochta. Ach is é a phríomhbhua an athnuachan dhóchasach a dhéanann an t-ú∂ar ar cheann de thosca ginte na n-amhrán sin aniar as Éireann i ré an athraithe teanga: gur féidir le saibhreas na samhlaíochta dúchais an lámh in uachtar a fháil ar lucht cos ar bolg.

Top
Facebook
Facebook