An Mac Tíre a Raibh Faitíos an Domhain Air
Tá gaoth an fhómhair tagtha, tá na laethanta ag éirí gearr, agus tá na tráthnóntacha ag éirí … dorcha. Tá faitíos ar an mac tíre seo roimh an dorchadas. Go deimhin, tá faitíos air roimh go leor leor rudaí. Tá faitíos air roimh na mic tíre eile. Tá faitíos air roimh an torann a dhéanann mic tíre eile!
Sa leabhar álainn daite seo, insítear scéal an mhic tíre (Mactíre is ainm dó!!) agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an bhfaitíos. Níl a mháthair féin in ann ciall a bhaint as a maicín bocht agus, ar deireadh, tugann sé aghaidh ar an mbóthar … agus siar leis isteach sa bhForaois Mhór … áit a gcastar ainmhithe air atá chomh scanraithe is atá sé féin — nó fiú níos scanraithe fós!!
Ach rud amháin faoin mac tíre seo, is mac tíre séimh é, mac tíre cineálta tuisceanach, agus nuair a chasann sé le hainmhí atá níos scanraithe ná é féin bíonn trua aige dó. Agus in ainneoin an fhaitíos atá air féin, bíonn air a mhíniú don chara beag sin nach bhfuil aon ghá dó faitíos a bheith air. Ach cén chaoi an bhfaighidh sé an ceann is fearr ar an bhfaitíos atá air féin?
Scéal álainn é seo, scríofa go grámhar séimh ag Orianne Lallemand agus é maisithe leis an gcúram céanna ag Éléonore Thuillier (an bheirt a scríobh agus a mhaisigh an tsraith Macán). Seo í an chéad leabhar sa tsraith álainn Mac Tíre, ar na leabhair eile atá ar fáil go dtí seo tá An Mac Tíre atá sa Tóir ar an nGrá agus An Mac Tíre nach bhfuil Sásta Siúl. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an leabhar An Mac Tíre a Raibh Faitíos an Domhain Air, nó é a cheannach, anseo.