An Leathanach Bán

Is é an t-úrscéal grafach An Leathanach Bán atá roghnaithe ag Clubleabhar.com mar ‘Leabhar na Míosa’ don mhí seo chugainn, mí an Mhárta.

Seo é an dara leabhar le Pénélope Bagieu a aistríodh go Gaeilge, bhain an chéad leabhar Corp an Duine Uasail áit amach ar ghearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ anuraidh.

Is i gcomhar leis an scríbhneoir Francach Boulet a scríobh agus a dhearaigh Pénélope Bagieu an leabhar seo — scéal faoi bhean óg a thagann chuici féin ar bhínse sráide i bPáras, agus gan cuimhne aici ar a hainm, ná ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi.

“Beidh gach uile shórt go breá,’ ar sí, tar éis di breathnú ina mála. “tá seoladh agam, agus ticéid ar an metro … agus mapa de Pháras. Chuile shórt go breá. Tiocfaidh sé ar fad ar ais chugam faoi cheann nóiméid.”

Ach ní thagann an chuimhne ar ais chuici agus caithfidh sí teacht ar a hainm agus ar a mionsonraí féin trí na dindiúirí atá ina hárasán aici — a fón póca, a cuid billí, agus a ríomhaire glúine.

Le greann agus tuiscint, insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal na tóraíochta seo, tóraíocht na féiniúlachta, tóraíocht i miondindiúirí an duine óig. Tóraíocht a thugann go leor chun solais maidir linn féin agus leis an saol ina mairimid.

Ní miste an greann sa saothar seo a lua, agus níl léiriú níos fearr ar an ngreann sin ná cruachás na mná nuair a bhíonn uirthi filleadh ar a jab i siopa leabhar — agus í cráite ag babhtaí paranóia — agus gan aon chuimhne aici ar a comhghleacaithe ná ar a cuid dualgaisí. Déanann Pénélope cur síos i bpictiíúir ar a lá oibre:

Bainfidh léitheoirí an Chlub Leabhar an-sásamh go deo as an leabhar gleoite seo, leabhar a bhfuil idir spraoi is ábhar machnaimh inti. Aistriúchán breá i nGaeilge shimplí so-léite.

An Leathanach Bán, Boulet & Pénélope Bagieu, 204 lch; clúdach bog; ISBN:
978-1-911363-19-4; €12.00