An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tuatha Dé Danann’ ag Irish Book Awards An Post

Is é Diarmuid Johnson, údar Tuatha Dé Danann, a thug leis an duais do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag gradaim litríochta An Post i mBaile Átha Cliath.

Tá an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath an t-seachtain seo caite. 

Seo an chéad uair riamh a bronnadh duais ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na mórghradaim litríochta seo. Leabhar Breac, an teach foilsitheoireachta ag Darach Ó Scolaí i gCois Fharraige i gConamara, a d’fhoilsigh Tuatha Dé Danann.

Sé leabhar a bhí ar an ngearrliosta do ‘Gradam LoveLeabhar Gaeilge’ An buaiteoir Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac), Fuascailt an Iriseora le Michelle Nic Pháidín (Cois Life), Táin Bó Cuailnge, le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac), Teach an Gheafta, le Cathal Ó Searcaigh (Leabhar Breac), Lámh, Lámh Eile, le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht) Ceannródaí: Luíse Ghábhannach Ní Dhufaigh, le Celia de Fréine (LeabharComhar).

Darach Ó Scolaí agus Diarmuid Johnson ag seoladh ‘Tuatha Dé Danann’ sa Bhruiséil