An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine

Seoladh An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine 

Dé Sathairn, 14 Nollaig, 2019 ag 7.00 i.n.

Scoil Rónáin, An Trá Bháin, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe

Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, baile ar oileán Gharmna i gCeantar na nOileán, mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Ní gan údar a tugtar an baile beag géimiúil air. 

Faoi chlúdaigh an leabhair seo, agus ar an dlúthdhiosca atá ag dul leis, tá sé amhrán déag a cumadh ar an mbaile nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an mbaile. Tá cuid acu i mbéal an phobail le fada an lá, leithéid ‘Amhrán an Bháthadh’ (nó ‘Amhrán na Trá Báine’ mar atá aithne ag go leor air), ‘Ócam an Phríosúin’ agus ‘Pluid Dhorcha Leára”.  Tá cuid eile nach bhfuil an cur amach céanna orthu taobh amuigh den Trá Bháin féin, leithéid ‘Amhrán Tarpey’ agus ‘Bróga Khennedy’. Tá an greann agus an ghruaim ina n-orlaí tríd an gcnuasach seo, agus tá aiste chuimsitheach eolais ag dul le chuile amhrán maille le réamhrá a thugann a chúlra staire, cultúir agus eacnamaíoch. 

Sinéad Ní Ráinne

Is as an Trá Bháin Sinéad Ní Ráinne. Bhain sí céim BA amach i nGaeilge agus Eacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1996. Tá céim MSc i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán aici ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo chomh maith le céim MLitt ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is aistritheoir gairmiúil í atá i mbun an chomhlachta teanga Europus ar an gCeathrú Rua. Tá sí pósta ag Cathal agus tá cónaí orthu sa Trá Bháin in éineacht le Ruadharc agus a n-iníon Kate.

Sinéad Ní Ráinne and Cló Iar-Chonnacht cordially invite you to attend the launch of the book and CD, ‘An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine’. The book and CD will be launched by Mike P. Ó Conaola on Saturday, 14 December, 2019 at 7.00 p.m. in Scoil Rónáin, An Trá Bháin, Leitir Móir. All are welcome to attend.

An Trá Bháin –– in Connemara, is widely known for its folklore and traditional song. This book and the enclosed CD, contain sixteen songs which were composed either in the area itself, or by people from the area who had emigrated. Some of the songs are widely sung and known by the singing community, the likes of ‘Amhrán an Bháthadh’ (or ‘Amhrán na Trá Báine’ as it is more commonly known), ‘Ócam an Phríosúin’ and ‘Pluid Dhorcha Learaí’; there are others that are not as well known outside of An Trá Bháin, songs like ‘Amhrán Tarpey’ and ‘Bróga Khennedy’ are included in this list. The songs vary in tone and emotion and run the gamut from funny songs to sad songs. The collection also includes a comprehensive essay for each song as well as a foreword, which gives the historical background of the songs, and their cultural and economic context.

Sinéad Ní Ráinne
Sinéad Ní Ráinne is from An Trá Bháin. She earned her Bachelor’s Degree in Irish and Economics from University College Dublin in 1996. She holds a MSc degree in Applied Irish and Translation from the Galway-Mayo Institute of Technology as well as a MLitt degree from the Department of Irish in the National University of Ireland, Galway. Ní Ráinne is a translator by profession and she runs the language consultancy company Europus in An Cheathrú Rua, County Galway. She is married to Cathal and they live in An Trá Bháin with Ruadharc and their daughter Kate.

Seolfaidh Mike P. Ó Conaola an leabhar agus CD, An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine a chuir Sinéad Ní Ráinne in eagar agus atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, ag ócáid i Scoil Rónáin, An Trá Bháin, Leitir Móir ar an Satharn, 14 Nollaig, 2019 ag 7.00 i.n.. 

Teagmháil:

Sinéad Ní Ráinne 091 595492 / sinead@europus.ie

Bridget Bhreathnach, Cló Iar-Chonnacht 091 593307 / poibliocht@cic.ie