AI Gaeilge
Love Leabhar Gaeilge
Cliceáil ar an nasc seo AI Béarla chun foirm AI a líonadh do leabhar nua. Le do thoil, bain úsáid as ‘AI Gaeilge’ chun an leagan Gaeilge a chruthú agus ‘AI Béarla’ chun an leagan Béarla a chruthú. Is gá leagan Gaeilge agus Béarla a dhéanamh do gach teideal. Nuair atá sé líonta agat brúigh ‘Sábháil’ ag deireadh an leathanaigh agus gheobhaidh tusa agus an riarthóir cóip PDF den bhileog AI ar ríomhphost. Cuirfear ar aghaidh ansin chuig an dáileoir cuí agus na siopaí iad.
Faoi ‘Foilsitheoir’ ar an bhfoirm tá gach foilsitheoir luaite leis. Níl le déanamh ach an comhlacht ceart a roghnú agus déanfar do chuid sonraí teagmhála a chur leis go huathoibríoch. Mura bhfuil do chomhlacht ann nó má botún ann, cuir chugainn ag julianne@cic.ie é agus cuirfear leis an bhfoirm thú.
Má bhíonn botún déanta agat ar an bhfoirm agus é seolta agat, ní gá ceann nua a líonadh. Cuir nóta chuig an riarthóir ag info@measmedia.com leis na ceartúcháin agus déanfar é a athrú agus a sheoladh chugat arís.